Geraldine Parsons Teideal: ‘Nertt inár lámhaibh: An foréigean agus An Fhiannaíocht’
Achoimre: Cuireadh béim ar leith ar laochas na Féinne le linn na haoise seo caite agus Fionn Mac Cumhaill á chur i láthair, os comhair an tsaoil mhóir, mar shiombail de chultúr míleata na hÉireann. Ach cé go raibh an laochas agus an ghaiscíocht ina saintréithe seasmhacha dá charachtar agus de charachtair eile na Féinne, ó théacsanna na meánaoiseanna anuas go dtí béaloideas ár linne féin, ní seasmhach an léiriú atá le fáil ar an bhforéigean san Fhiannaíocht. Ní cuirtear neart na Féinne i dtábhacht in Acallam na Senórach, saothar ina bhfuil cur síos ar chath agus ar chogadh gann, ach tá tuairiscí beoga ar eachtraí troda agus babhtaí catha in Cath Finntrágha, cuir i gcás. Is é sin le rá go raibh tuiscintí éagsúla le fáil ar stádas an fhoréigin sa genre. Sá pháipéar seo, déanfar an nasc idir téama an fhoréigin agus gnásanna liteartha na Fiannaíochta a scrúdú, go háirithe i dtéacsanna meánaoiseacha.
Nóta beathaisnéise: Léachtóir i Roinn na Ceiltis is na Gàidhlig, Ollscoil Ghlaschú í Geraldine Parsons ó 2008 i leith. As Droichead Nua, Co. Chill Dara ó dhúchas, bhain sí céimeanna BA, MPhil agus PhD amach i Roinn na hAngla-Sacsanaise, na Lochlannaise agus na Ceiltise, Ollscoil Cambridge . Bhí sí ina comhalta de chuid Choláiste na Trionóide Cambridge roimh di dul go hAlbain. Is í a bheas ina Comhalta Snell i gColáiste Balliol Oxford i bhfómhar 2017 agus beidh sí ina hollamh ar cuairt in Ollscoil Connecticut in earrach 2018. Cuireann sí suim i litríochtaí Ceilteacha na Meán-Aoiseanna, go háirithe san Fhiannaíocht, agus, le déanaí, i litríocht na Gaeilge Albanaí san 18ú haois. Tá neart aistí foilsithe aici sna réimsí seo agus ba í duine de chomheagarthóirí, le Sharon Arbuthnot, an leabhair The Gaelic Finn Cycle (BÁC, 2012).