Teideal: An Teanga agus an Fhéiniúlacht
Achoimre: Cad is féiniúlacht ann agus cén ról a bhíonn ag an nGaeilge i bhforbairt fhéiniúlacht an duine in Éirinn sa lá atá inniu ann? Déanfar iniúchadh ar choincheapa sainiúla de chuid Pierre Bourdieu, an ‘caipiteal’ agus an ‘habitus’ go háirithe, agus déanfar saincheisteanna eile a bhaineann leo a chíoradh sa pháipéar seo. Is féidir coincheapa Bourdieu a úsáid chun ceist na teanga agus na féiniúlachta i gcomhthéacs na Gaeilge a iniúchadh. Is féidir coincheapa Bourdieu a úsáid chun ‘mudes’ teangeolaíocha, mar a shainítear i dtaighde an Dr. John Walsh agus an Dr. Bernadette O’Rourke iad, a thuiscint i gcomhthéacs na féiniúlachta. Is féidir féiniúlacht an oide san earnáil oideachais, in earnáil na gaelscolaíochta go háirithe, a iniúchadh sa chomhthéacs seo freisin. An bhfuil féiniúlacht ar leith á forbairt i gcomhthéacs an oide, in earnáil na gaelscolaíochta go háirithe, sa lá atá inniu ann agus, má tá, cad iad na nithe a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt na féiniúlachta sa chomhthéacs sin?